Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 279

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 279
  3. XML “Ceirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí gabha i gCúm-Thóla fadó agus dheineadh sé pící de chruaidh. Dúbhairt na sean daoine gur b'shin a ghnó ó Luain go Satharn. Picí Cropí a tugtaí ar na pící a dheineadh sé. Tá cuid de's na pící sin tímcheall na dúithe fós. Do dheineadh an fear ceudhna geataí agus drollna.
    Do bhí greasaidhe i Muillean Mór a dheineadh agus a dheisigheadh bróga. Níor chuir sé ceap riamh in aon bhróig acu ach fód móna. Do dhein sé peidhre bró do Dhiarmuid na Sceal agus bhí air dhá fód móna do chuir ionta siúd, mar peidhre buataisí ab eadh iad.
    Do bhí cúipéar san áit seo agus do dheireadh sé tubáin meadair agus barrailí. In áit éigin i nDrom Dubh a bhí sé na chómhnuidhe. Oidhche dá raibh sé ag teacht abhaile do bhí air poll doimhin san abhainn do chrossadh. Do bhí beama treasna na h-abhann ó bhannc go bannc agus do bhí an beama fluich. Do shleamhnaig an abhainn agus do thuit sé isteach san abhainn agus do bádhadh é agus ó shoin i leith glaodhtar Poll an Cúipeara ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí