Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 202
- XML “Bean a Bádh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin bhí daoine ag dul ó Ghleann Gharbh go Beanntraighe i mbád beag chun rud éigin do fhághail ann. Bhí cairrig ar an dtaobh thiar de Oileán Foíde ar a mbíodh alán cairigín agus madhbhán an uair sin. Sé an ainm atá ar an gcairrig ná an Ghéarán.
Bhí bean ins an mbád agus do bheartuigheadar í do chuir amach ann chun go mbeadh mála cairigín bailighthe aici nuair a bheidís ag teacht thar nais ó Bheanntraighe.
Chuireadar an bhean amach agus do imthigeadar ortha go dtí Beanntraighe.
Do thánghadar i dtír i mBeanntraíghe agus taréis tamaill mhaith do chaiteamh ag ól do dheineadar na gnóthaí a thug ann iad agus do thosnuigheadar chun teacht abhaile.
Do mhothiuigheadar an ghaoth ag eiríghe agus bhí fhios aca go mbeadh stuirm mór ann.
Nuair do thánghadar go dtí an chairrig bhí stuirm mhór ann agus ní rabhadar ábalta ar teacht na goire agus do bádhadh an bhean bhocht nuair do lán an taoide.- Bailitheoir
- Riobárd Ua Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Snámh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Drisceóil
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79