Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I.
Dá bpósfainn bean chriona do chlaoidhfeadh sí m’aigne,
Ag eirighe san oidhche chun a piopa a dhearga,
Ag troid is ag áiteamh ó oidhche go maidin,
Do bhrisfeadh sí mo chroidhe le iomairce ragairne.Curfá.
Ní fheadar an domhan cí an bhean do bfhearra dom
Ní bhacfad le haoinne acu ach bean ó Leath Fhearann.II
Dá bpósfainn bean fionn bheadh na súla ró chaol aici,
Is dá bpósfainn bean ruadh nior bhuan é mo shaoghal aici,
Dá bpósfainn bean bhuidhe do ólfadh sí an iomad
Ní bhacfad le haoinne acu ach bean ó Leath Fhearann.III
Cailín an tighe mhóir ní phósfad fad a mhairfead,
Bionn a caint ró mhór is a teanga ró fhada,
Nuair a ólfadh sí an té bheadh ruaig ar na cait aici,
Buile ar mo bhuachaill is dhá bhuile ar mo mhadra.- Bailitheoir
- Seán Ua Luineacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fearann Fada, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ua hEaluighthe
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 92
- Seoladh
- An Fearann Fada, Co. Chorcaí