School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 298
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is dócha go bhfuil sé deich mbliadhna is trí fichid ó chuaidh fear áirithe ó Bheal Átha an Ghaortaidh sios go Baile an Mhístealaigh ag cabóguoicht. Bhí sé féin agus cúigear eile ag baint prátaí d'fheirmeoír ansann. Stadaidís go moch gach Satharn.
    Tráthnóna an cead Sathairn ní raibh an fear so ann chuaidh sé ag siubhal chun an úr mór thimcheall d'fheiscint. Níor b'fhada a bhí sé imcighthe nuair bhí sé ag gabhail thar tig cinn cuighe ar thaobh an bhothair. Díreach agus é ag gabhail thar braghaid tháinig fear go raibh bríste gearr glún air amach an doras agus bheannaigh sé leis an strainnsear mar seo "Cead fáilte rómhat a Sheumais Uí hÉithern ó Bheal Atha an Ghaoraidh, tar isteach agus suidh tamall agus beimíd ag caint." "Mhuise" arsa Seumas " Ní thuigim conus tá aithne agat orm mar nílím annso acht seachtain agus níl aithne agamsa ar aoinne timcheall na háite seo." "Tá aithne maith agamsa ortsa agus ar formor na ndaoine timcheall Beal Atha an Ghaorthaidh tar isteach agus tabharfad fios fath mo scéal duit. Chuadar isteach agus d'inis sé an sceul so.
    "Ar dtúis" ar seisean "ná cuireadh an sceal atá agam le hinnsint duit aon chorbuaic ort acht creis mé gur firinne ghlán gach aon fhocal de. Binnse tamall im éinteacht leis na daoine maithe. Dfhágamair an ball so beagán maith blianta ó shoin ag lorg mná chun í a thabhairt dón lios san thall. Chuamair ar dtúis go Ros Buidhe áit ar an dtaobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Gender
    Male
    Age
    100
    Address
    Snámh, Co. Chorcaí