Bhí fear na chómhnaidhe i mBeanntraighe sa mbliadhan 1847. Bhí asal agus cár aige agus bíodh sé ag tarrac daoine marbh go dtí poll mór a bhí deanta aige chun na daoine a chur ann. Bhí gorta ann an bhliadhan sin agus bhí na daoine ag fághail báis ar taobh an bhóthair leis an ocras. Lá amhain nuair a bhí an fear ag dul tímcheall na tíre ag bailiu na ndaoine marbh bhuail duine air agus a athair marbh ar a dhrom aige. Níor chuir an fear an cár aon tsuim ann, chuaidh sé thairis ar an mbóthar. Nuair a chuaidh sé thar nais go dtí an poll bhí an beirt aca marbh ann. Cuireadh alán daoine istig san bpoll san. Tá crois mhór na seasamh ann anois. Tá sé a naice na fairrge.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »