School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 281
- XML “Ainmhithe na Feilme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad seo ainmneacha ainmhidhte na feilme, bó, capall, asal, caora, gabhar agus gamhain. Ní cuirtear aon ainmhidhthe aca seo isteach sa Samhraidh; acht cuireann chuile dhuine a bhfuil stábla aige isteach iad sa nGeimhreadh. Tugann na daoine deoch min-coirce dí. Ní tugtar aon uisce dí go dtí an lá ina dhiadh sin. Craithtear min-choirce ar an laogh nuair a beirtear é, agus baineann an bhó de é le na teangainn. Freisin fuiltear ar an laogh mar tá sé ráidhte mara bhfuilfidhe air i dtosach tairneóchaidh easóg a chuid fola. 'Sé an chaoi a bhfuiltear air sgor sceine a chur ina chluais, agus fuil a leigint. Sé an chaoi a nglaodhtar ar na gamhnaibh "Suc! Suc!" ar an gcapall agus ar an asal "Pró! Pró!". Sé an chaoi a nglaoidhtear ar na caoirighíbh "Shabha! Shabha!" ar na gabhraibh "Beta!Beta!"
'siad seo éanlaith na feilme: an chearc, an lacha, agus an ghé. 'Sé an chaoi a nglaoifhtear at na cearcaibh "Tioc! Tioc!" 'Sé an chaoi a nglaoidhtear ar na lachanaibh "Feed! Feed!" ar na géadnaibh "Beadaigh! Beadaigh!"
Sé an chaoi a gcuirtear ál circe síos bosca agus tuighe ann ar dtús, agus caonach ar a bharr. Annsin cuirtear uibheacha ó's cionn an chaoinaigh agus an chearc ó's a chionn sin. Fágtar mar sin go dtí lá ar na bháireach í, leightear as an nead ar(continues on next page)- Collector
- Mór Ní Fhátharta
- Gender
- Female
- Address
- Gort na gCapall, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Fátharta
- Gender
- Male
- Address
- Gort na gCapall, Co. Galway