School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 275
- XML “Ainmhithe na Feilme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmhidhthe na FeilmeSiad na h-ainmhidhthe feilme atá againn san mbaile bó, gamhain, gabhar, caora, capall agus asal.
Ní bhíonn aon bhó istigh sa Samhradh, acht bíonn corr-bhó istigh san oídhche san nGeimhreadh. 'Sé an t-ainm a bhíonn ar an teach a mbíonn an bhó ann stábla. Séard a deireann fear nuair a bhíonn bó agus gamhain dhá dtiomáint aige "Feoch! Feoch!" Sé an chaoi a nglaodhtar cum bídh Suc! Suc! Nuair a bhíonn an bhó blíghte ag na daoiníbh cuireann siad comhartha na croise ar thaobh deas na bó leis an mbainne. Nuair a blíghtear an bainne buidhe de'n bhó taréis an laoigh do bhreith tugtar roinnt de do'n bhó i-n-aghaidh an fhiabhrais. Tugann na daoine roinnt eile de'n bhainne sin do'n laogh. Taréis an laogh do bhreith creathann na daoine min-choirce timcheall ar an laogh. Sé an deoch a gheibheann an bhó min-choirce, agus salann, agus uisce the(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- Eochaill, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- Eochaill, Co. Galway