School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 224
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an chúig is dhá fichid is leis an chluiche. Is é an t-am is mó a imrightear na cártaí seo, agus is mó a chaithter aimsear leo na h-oidhcheanta fada san nGeimhreadh.
Tá cluiche ann ar a dtugtar "Jackstones". Ní imrightear ar scoil í le suim bliadhanta ná san mbaile. Sé an chaoi a n-imrightear í.
Tógtar chúig clocha beaga agus cuirtear cuma cosamhail le ciúb ortha acht nach mbíonn na h-imilleacha chomh géar.
Nuair a tosuightear ag imirt na screaga déireann an duine a bhíonns ag imirt "Blood" agus iad a chaitheadh suad, agus iad a leigint anuas ar dhruim na láimhe, agus dá dtuiteadh aon cheann iad a thógáil ó cheann go ceann go mbeidís uilig in do láimh.
An chéad roinn eile iseadh "Scóid": iad a chaitheadh suas a leigint dóibh tuitim ar dhruim na láimhe agus dá dtuitidís uilig ar dhruim na láimhe b'amhlaidh b'fhearr é, agus caithfear chuile cheann acu a thabhairt ar ais in do láimh, agus dá dtuitfeadh aon cheann nuair a bheidteá dhá dtógáil o'n talamh ní bhuaidhfeá agus chaithfeá tosughadh ar an gceann sin aríst.
Sé an chéad roinn eile "onesills": iad(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Gender
- Female
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Informant
- Bean Phádraig Uí Fhlaithbhearta
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway