School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 136
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bealach a bhí leis. Deir sé gur ag cuartughadh oibre a bhí sé. Rinne sé an margadh céadna a rinne sé leis an gcéad bhuachaill, agus bhí sé sásta leis ach beatha mhaith fhághailt. "Togha", arsa an feilméar, "a gheobhar tú uaimse". Bhí an buachaill an t-sásta gcaitheamh, nó gur casadh i ndiadh na gcaorach leis féin é aon lá amháin. D'fhéach sé ceann agus chinn air agus síneann sé síos faoi chrann le briseadh croidhe. Chonnaich sé caillichín beag ag dul thairis sa gcoill. D'fhiafruigh sí de cé'n bealach atá leatsa annso. D'innis sé a ghearrán dhí. "Cén sórt beathadh a bhí tusa ag fágail ar feadh na h-aimsire sin?" "Bhí togha bídh agam", ar seisean, "agus neart feóla". "Feól úr a bhí tú ag caitheamh", arsa sise? "Seadh", a deir seisean. "An raibh salann agat"? ar seish sise" "Ní raibh",a deir sé. "Éirigh i do shuidhe," arsa sise , "agus téirigh leat agus fáigh páipéar salann; ach n feictear agat é, agus déun úsáid de neart de ar an bhfeóil". "Ó! tá sé mall agam anois," adeir seisean. "Tá furmhór m'aimsire shuas." "Ta do dhóthain ama agat," ar sise. D'imigh leis agus rinne sé mar dubhairt sí. Nuair a tháinig an lá cáirde, d'fhógair an feilméar go raibh a thearma shuas, agus a mharghadh a shaothrughadh.
Chuaidh siad indiadh tréad caorach gur chuir siad igcró iad, agus thosuigh sé dhá gcaitheamh amach ó cheann go ceann thar an seonnra. "Go mairidh tú do mharghadh", adeir an buachaill leis an bhfeilméar. "Ó! ná bánuigh uilig mé," arsa'n feilméar: "go mairidh tú do mharghadh," arsa an buachaill, sin nó caill stiall do dhroma." B'fhearr leis an bh'feilméar na caoirigh a chailleadh ná stiall do dhroma." Bíod sé buidheach de'n chaillichín beag a thug comhairle dó úsáid a dhéanamh de'n salann. Marach sin bheadh an sgéal aige a bhí ag an gcéad(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Dioráin
- Gender
- Male
- Address
- Gort na gCapall, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Dioráin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Gort na gCapall, Co. Galway