School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 129
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    oidhche leis an teach a chur trí lasadh. Nuair a chuaidh an cailín amach chonnaic sí an marc geal ar an dorus, agus bhí a fhios aice nár le deagh-rud a rinneadh é. Annsin, chuaidh sí agus chuir sí an marc ar chuile theach 'san mbaile. Nuair a tháinig na gadaidhe san oidhche níor fhéad siad déanamh amach cé'n dorus a chuir said an marc air, mar bhí chuile theach san mbaile marcáilte agus baineadh an ceann de. Annsin, chuir siad crainnte amach aríst, agus dubhairt an ceannphort leó go gcaillfeadh an té a dtuitfeadh air an crann mara bhfuigheadh sé amach an duine. Chuaidh an fear a thuit an crann air amach agus tháinig sé go dtí an gréasuidhe, agus d'innis sé dó an teach.
    Chuir an fear sin dath áithridhe eicínt eile ar an dorus, agus d'imthigh sé go dtí a mháighistear agus dubhairt sé go raibh chuile rud ceart. Thug an cailín faoi deara é aríst, agus dhathuigh sí chuile theach dá raibh san mbaile mór. Annsin, nuair a tháinigeadar san oidhche ní fhéadfadh an fear sin a dhéanamh amach cé'n teach, agus baineadh an ceann de sin freisin. Ba mhór leis an máighistear iad a mharbhadh uilig, agus chuaidh sé féin lár na bhárach ann. Tháinig sé sa teach seo, agus d'iarr sé lóisdín na h-oidhche ann. Dubhairt sé gur fear é abhí ag díol ola, agus go gcaithfeadh siad áit a thabhairt do soitheach agus fiche a bí aige. Ba fir a bhí thíos ins na soithighibh agus bhí corc curtha ins na soithighibh. Dubhairt sé le muinntir an tighe go gcaithfeadh siad áit a thabhairt dó i seomra áithridhe o's cionn na soitheach. Chuaidh siad féin annsin do dtí na soithigh agus dubhairt sé leó nuair a bhéadh an teach chum suaimhnis go gcaithfeadh sé féin trí chloch síos, agus nuair a d'aireóchadh siad iad a bheith ina suidhe go beodha. Ní raibh sé ibhfad i-n-a chodladh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0676: Open Sesame
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó hIarnáin
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway
    Informant
    Bairtle Ó hIarnáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cill Mhuirbhigh, Co. Galway