School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 146

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 146
  3. XML “Naomh Dairibile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí sí dall as sin amach. Aon lá amháin sí ag siubhal tríd na dúmhacha agus d'airigh sí crónán an t-srutháin i ngar dí. Rinne sí belach go dtí an sruthán chrom sí síos lé na h-éadan a níghe ní túisce a rinne sí sin fuair sí radharc a súl ar ais. Tá tobar beannuighthe san áit ar nigh sí a h-éadan agus tigeann na sluaighte ann gach bliadhain chun turas a thabhairt. Chuir sí mainistear ar bun ar an bFál-mór agus lean sí uirthi ag comhairluighadh agus ag teagasc na ndaoine. Idir an Eachléim agus Fál-mór tá baile an Tearmuin agus ba leis an mainistir a bhí ag Deirble é. Tá fothracha na mainistreach le feiceál ar an bhFál-mór go fóill agus le h-ais na bhfothrach céadhna tá uaig Deirble.
    Nuair a bhíodh Deirble ag dul ar aistear fada, théigheadh sí ag marcuigeacht ar an asal agus théigheadh an t-asal síos ar a dhá ghlúin agus d'fág sé rian a ghlún ins an leic. Aon lá amháin thainig si go dtí an Eachléim agus thainig sí go dtí an tobar. Chrom sí sios le deoch a fhághail agus d'fág sí rian a lámh ins an leic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    An tAthair Ó Maolfabhail
    Gender
    Male