School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 147
  3. XML “Naomh Dairibile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí úan ag Naomh Deirble agus bhí sé in a pheata aice nuair a fuair an Naomh bás ní raibh fhios ag an úan céárd a dhéanfadh sé. Sléim sé ón móir-tír go dtí oileán beag tamall amach ón mór-thír agus tugadh Léim an Reithe ar an oileán.
    Tá sean-leachtannna go leór le feiceál san roilig céadna, cuid acu chomh sean is nach féidir an sgribhínn atá ortha a dhéanamh amach. Tá cloch amháin a bhfuil an data 843 gearrtha uirri acht gídh go bhfuil rud éicint eile sgríobhtha uirthi chomh maith leis an dáta ní thig le aoinne é a dhéanamh amach. Áit eile san roilig céádhna tá cloch-thuamba agus rud éicint scríobhtha uirthi i n-ógham.
    Casadh Naomh Dairibil agus Naomh Colm Cille ar a chéile ag Cómhdail na h-Eaglaise do bhí i mBéal-Easa-Dara i gConndae Shligigh i mbliadain 590. Tá sí curtha sa bhFál Mór. Tá balla cloch éibhir thart ar a h-uaigh. Níor fhás aon ribe féir ar an uaigh ó chuir Déaghann Ó Laighinn ( sagart paróiste do bhí san áit in am Dómhnaill Uí Conaill ) corp a mháthar san uaig ceadna leis an naomh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    An tAthair Ó Maolfabhail
    Gender
    Male