School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 139
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 139
- XML “Leagan Eile - Dán an Toir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- A ghiolla úd atá 'g do chiapadh ins an sliabh, an duine saoghalta thú na geilt.Ní duine saoghalta mé ná geilt ach anam bocht atá i bpian. Ceist agamsa ort in ainm Chríost - Ca fhad ó dfág tú an saoghal seo ná bhfuil tú annsoin ariamh ó shoin? Fiche bliadhain an Dómnach chuaidh tharainn sé sgar an t-anam ón gcolann chléin. Bhéinn na céádta eile ann faoí bhfearthainn agus faoí'n gaoith ach ar beag beannacht na mbocht ar an t-saoghal seo. Nuair a bhí mise beó ar an t-saoghal seo, bhí mé ann go h-aoibhinn aérach níor mhist liom sochar a tharraint orm féin, ach tá mé in ochar móir ghá ioc indhiu. Nuair a théighinn ar Aifreann Dia Dómhnaigh ní trócaire a d'iarrfainn ar m'anam ach a' sgig agus magadh faoi gach óig-fhear agus Corp ár dtighearna as mo choinne.Nuair a théighinn abhaile arís ba mhíle mheasa liom an mhaoin breágh mhór abhí in mo dhiaidh, marcaidheacht ar óig-each ag léimneach fléidh agus féasta as mo choinne. Níor chuir mé suim ar bith ach sa méid sin go bhfaca mé gaisge an bháis ag cruinniú i dtaobh ó Thuaidh ag teacht in a bhóithribh dubha(continues on next page)
- Informant
- Éamonn O Naillín
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Address
- An Geata Mór, Co. Mayo