School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
Aghleam, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín

Filter stories

Back
/ 158 Forward
Resolution: Low | High
Barr an tSléibhe

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

A Mháire tá dí-chéillidhe ort mara a dtigidh tú chun an t-sléibhe,

Tá do theach breágh dhá dhéanui is seómra geal in a éadan,
An áit a mbéidhmíd go h-aérach go h-éag ar bheagán cíos,
Tá na comhursana ar gach taobh dhinn is deise atá in Éirinn
'S dhá mairtheá ann na céadta bliadhain Níor bfada leat do shaoghal
S go mbh'fearr liom ann ar aon cor mar a bhfághainn ann plúr natai
'S go h-éág ní rachaidh mise go Geata Mór arís.

(II)
Tá an traghna is an chearc fhraoch ann
Tá lacha is naosga ann
Tá gach uile short nídh, is na duilleabhar faoi na mbláth,
Tá luachair ghlas is cíobh ann, tá sméara dubha ar craoibh ann
Ní h-ionnan é is an tír seo an áit adtéigheann na ba ó dháir,
Tá leanbh óga i gcionn a míosa ag rinnce ar fud an tíghe,
Bíonn comhradh caoimheamhail ann ins an oidhche ag fir is ag mná

(continues on next page)
Informant
Éamonn Mac Taidg
Gender
male
Age
84
Address
Tallagh, Co. Mayo
Language
Irish