School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 19
- XML “An Fear agus a Cheathrar Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus ceathrar mac aige, ach bhí siad an-bhocht agus thosnuigh an saoghal ag dul in a n-aghaidh. Aon lá amháin dubhairt an clann mhac leis an athair go n-imtheóchadh siad ar aimsir mar gur dona an chearc nach saothróchaidh di fhéin. "Maith go leor," ars an t-athair, "ach fanfaidh mise sa teach agus saothróchaidh mé greim dom féin," agus d'imthigh siadsan.D'imthigh siadsan nó go dtainic said go dtí bóthar na gceithre ród agus d'fhág siad slán ag a chéile annsin agus dubhairt siad go gcasadh siad ar a chéile arís taréis ceithre mbliadhain. Thóg an chéad fhear bóthar dó féin agus casadh éanadóir air, agus d'iarr an t-éanadóir air dul leis ar aimsir, "agus nuair a bhéas ceithre bliadna caite agat agamsa béidh tú indon rud ar bith a [?]. Gan a thuilleadh a rádh chuaidh sé leis.(continues on next page)
- Informant
- Peadar Ó Maolfhabhaill
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mullach Rua, Co. Mayo