School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 41
- XML “An Iníon Bhán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí inghean aige. Tugadh an inghean bhán uirthi. Cailleadh a máthair nuair a bhí sise óg. Bhí go maith. Phós a h-athair arís, ach má phós féin bhí árd-chion aige ar an inghin. Bhíodh sí i gcómhnuidhe ag ceann an bhuirt aige nuair a bhí sé ag ithe a chuid bídh. Bhí éad air a mhnaoi nuair a chonnaic sé an t-suim a chuir sé in a inghín. Bhí faitcios uirthi nár chuir sé suim ar bith innti féin. Bíodh an fear amuigh gach lá ag obair. Bhí peata d'éan sa teach a bhí an an mnaoi marbh ach mharbhuigh an leas-mháthair é. An lá seo nuair a thainic fear an tighe isteach bhí an t-éan marbh agus bhí fearg mhór air. D'fiafruigh sé de mhnaoi cé mharbhuigh an t-éan agus dubhairt sí gurab í an inghean bhán. "Maith go leor", ar seisean. Lá ar na bhárach dubhairt sé leis an inghín a fhághail faoi réidh go ngeobhadh siad amach ag siubhlóid agus d'réidhtigh sise í féin. D'imthigh leo annsoin agus(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Maolfabhail
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mullach Rua, Co. Mayo