School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 149
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 149
- XML “Cleasanna i dTigh Tórraimh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iomdha cleas a bhíos ag an aos óg i dtighthe torraimh.
Círín About. Seasann líne buachailli ar an urlár agus cuireann siad a lámha ar a súilibh ar fhaitchios go bhfeicfeadh siad aon duine. Annsin buaileann buachaill éicint a bhíos in a seasamh san líne an chéad bhuachaill le leadóg agus ní innsigheann siad cé bhuail é. Annsin béarfaidh sé greim cluaise ar an duine a bí ceapaidh aige a bhuail é agus tugann se thart ar an urlár é agus muna é sin an duine ceart caitheann an buachaill é féin a thabhairt thart aríst go dtí ceann an líne.
Suidheann na buachailli ar an urlár agus deanann siad ciorcal. Fágann duine eicint an bhuaidhreach agus caitheann sé isteach in a measg é agus bíonn siesean ag iarraidh í a fhágháil. An duine a gheibheann an bhuaidhreach caithfidh seisean dul dhá chuartu. Tá an bhuaidhreach deanta féar agus as cochan agus tá sreangán casta uirthi.(continues on next page)- Collector
- Mairéad Ní Mhaoineacháin
- Gender
- Female