School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
Aghleam, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín

Filter stories

Back
/ 158 Forward
Resolution: Low | High
An Caisleán Pléama

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhíodh siad ag deanamh an chaisleáin pléama i n-Innis Céidhe fadó. Nuair a bhíodh siad folamh as bhiadh dhéanadh siad caisleán agus chuirfeadh siad go leor cloch geal agus trí fóíd móna ann. Chuireadh siad an doras ar an taobh ó thuaidh de agus dimthigheadh an stoirm. Siad na paidreacha a deireadh siad seacht "sé do bheatha Mhuire" seacht "ár n-athair" agus "glór don athair."

Nuair a bhíodh siad ag dul amach don tír mhóir fá dhéin bídh agus nuair a thagadh stoirm ortha dheanaidh siad an chaisleán pléama agus bhíodh sé lag lár na bhárach. Nuair a theigheadh siad amach ag iasgaireacht déanfadh siad an caisleán pléama agus siad na paidreacha a bhíodh achu ná an t-Ave Maria.
Tá go leor daoine de muinntir Innis Céidhe in dhon é a dheanamh go fóill acht deirtear nach bhfuil sé ceart é a dheanamh acht nuair a bhíodh cruadhóg leis. Tá sé suas le dhá chéad bliadhain ó bhí sé ar siubhal ag muinntir Innis Céidhe.
(Fuair sí an méid seo ó 'n a h-athair Antaoine ó Maoineachán)

Collector
Síle Ní Mhaoineacháin
Gender
female
Informant
Antaoine Ó Maoineacháin
Relation
parent
Gender
male
Language
Irish