School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 75
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 75
- XML “Caoineadh na dTrí Mhuire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Caoineadh na dTrí Mhuire
Nach mithid domsa féin a ghabhail chun tsléibhe ochón agus ochón ó!
Nach mithid domsa féin mo leanbh a éagnach
ochón agus ochón ó!
Casadh Peadar easpal siubhal trí laé liom
ochón agus ochón ó!
A Pheadair easpail tabhair dom faisnéis
ochón agus ochón ó!
Chonnaic mé indé e agus é gabhtha leis an námhaid
ochón agus ochón!
Annsoin leig sí a gruag le fánaidh
Níor fhan sí le'n a cioradh ná le'n a socrú.
Níor airigh sí clocha cruaidh na mbóthar gá gortú go ndeachaidh sí go dtí an áit a raibh an garda ghá socrú
Ochon agus ochón!
An chéad léim a thug sí scoith sí an gárda
An dara leim go Gairdín Pharrtais 7 an triomhadh léim go crann na Páise
Ochón agus Ochón ó!
An é sin mo leanbh a d'iompur me trí ráithe
ochón 7 ochón !
Nó an é sin mo leanbh a rugadh ins a stábla
ochón 7 ochón ó!
Thóg siad suas ar ghuaillibh arda agus(continues on next page)- Informant
- Bean Úi Seóighigh
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Eachléim, Co. Mayo