School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 111
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (I)Ar oidhche cionn an dá lá dhéág
Béidh cuimhne cruinn go h-éag,
Is iomdha milte d'éag
I mbaile, muir, is tír,
Oidhche na gaoithe móire
Oidhche stoirme is dóigheadh
Bhí coillte, croinnte stróichte
Agus obair do na saoir
(II)Oidhche uailleach sgréachach
Fuaimneach stoirmeamhail gaothach
Is dona an dall nach léighfeadh
Cumhacht an Árd Ríog thuas
An domhan uilig ag géimneach
'Gus an muir le gealt ag léimneach
Ainmhidhthe dúil is éanlaith
Faoí eagla agus faoí uathbhás.
(III)An talamh ar crith le buaidhreadh
Peacaigh ag sgread is ag uailleadh
Ar feadh na mbeagáin uaire
Do tionsgáil Dia a gnúis
Thug ordughadh uaidh don gaoith-se
Séideadh láidir leithe.(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Riallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Oiligh, Co. Mayo