School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 106

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 106

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 106
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá cloch eile i ngár di agus go leor poll istigh innti.

    Tá cloch eile i ngár di agus go leór poll istigh innti. Ar an oilean o Dheas ta tobar beannuighthe suidhte in áit darb ainm Port na Leachta. Níl sé acht tuairim is trí scór slat ón tobar. Tá sé déanta istigh i dtaobh an chnuic agus é déanta de chlochaibh dubha agus clocha bana thart taobh amuigh air. Tá sé déanta an-shaothramail ar fad agus deir na sean-daoine gur saor maith cloiche a rinne é. Thugadh na daoine turais aige fadó acht anuas le seacht nó ocht de bhliantaibh leigeadar le faillighe é agus chaitheadar ar leath taobh an nós. Thugadh siad an turas gach uair roimh Lá Féile Mhuire agus tá mé cinnte go bé an chaoi céadhna a ndéantar é ag tobar Naomh Deirible sa bhFál-mór.
    Budh i Naomh Géidh a chur ar bun é agus ta urlár ann déanta de leacrachaibh. Bhí soitheach istigh ann as a mbiodh na daoine ag ól uisge. Bhí sé déanta mar a bheadh sliogán acht go raibh sé i bhfad níos mó. Ní thiocfad leat aon deoch uisge a ól ná go ndéarfá paidir ag dul ann is ag imteacht. Bhí an t-uisce ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Antaoine Ó Maoineatháin
    Gender
    Male
    Informant
    Pádhraic Breathnach
    Gender
    Male