School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 155

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 155

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 155
  3. XML “Tuilleadh Eile i dtaobh an Chaisleáin Pléime”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Rinneadh mar seo é - Chuir fear trí fóid móna in a seasamh agus na trí báirr ag teacht le chéíle. Annsoin chuir sé thart ar sin dhá cheann déág de clocha geala in ainm an dá aspal déag. Annsoin d'fág sé oscailt ar thaobh amháín. B'shin é doras an chaisleáin, agus chaithfeadh a aghaidh a bheith i gcómhnaidhe ar an taobh as a raibh an ghaoth ag teastáil. Bhí an caisléan réidh annsoin. Fhad is a bhíodh an fear ag déanamh an chaisleáin bhíodh sé ag rádh na bpaidreacha agus an t-am ceadna chaithfeadh a rún - b'shin é an fáth do bhí aige chun an chaisleáin a dhéanú - a bheith os cómhair a inntinne. Cuir i gcás gur thárla nach raibh ach cuid den a rún in a intinn ní bhfuigheadh sé ach an cuid sin. Tharla sin uair amháin nuair a bhí cuid de na h-oileánaigh amuich ar an móir-thír le sé seachtmainní ag fanacht le lá breagh le dul isteach. Bhí a fhios acu go raibh ganntanas bídh ar an oileán mar gheall ar chomh fada is a bhí siadsan fá'n a dhéin. Nuair nach raibh aon bhealach eile acu as rinne siad an caisleaán pléime. Nuair a bhí an fear ghá déanú ní raibh in a intinn ach laghdú na gaoithe. Ní raibh sé ach déanta aige nuair a d'éirigh sé chomh ciuin is nach raibh smeathamh(?)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bríghid Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Beag, Co. Mayo