A ghiolla úd atá 'g do chiapadh ins an sliabh, an duine saoghalta thú na geilt. Ní duine saoghalta mé ná geilt ach anam bocht atá i bpian. Ceist agamsa ort in ainm Chríost - Ca fhad ó dfág tú an saoghal seo ná bhfuil tú annsoin ariamh ó shoin? Fiche bliadhain an Dómnach chuaidh tharainn sé sgar an t-anam ón gcolann chléin. Bhéinn na céádta eile ann faoí bhfearthainn agus faoí'n gaoith ach ar beag beannacht na mbocht ar an t-saoghal seo. Nuair a bhí mise beó ar an t-saoghal seo, bhí mé ann go h-aoibhinn aérach níor mhist liom sochar a tharraint orm féin, ach tá mé in ochar móir ghá ioc indhiu. Nuair a théighinn ar Aifreann Dia Dómhnaigh ní trócaire a d'iarrfainn ar m'anam ach a' sgig agus magadh faoi gach óig-fhear agus Corp ár dtighearna as mo choinne. Nuair a théighinn abhaile arís ba mhíle mheasa liom an mhaoin breágh mhór abhí in mo dhiaidh, marcaidheacht ar óig-each ag léimneach fléidh agus féasta as mo choinne. Níor chuir mé suim ar bith ach sa méid sin go bhfaca mé gaisge an bháis ag cruinniú i dtaobh ó Thuaidh ag teacht in a bhóithribh dubhaAn Dothra Bheag