Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 146
- XML “Naomh Dairibile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sí dall as sin amach. Aon lá amháin sí ag siubhal tríd na dúmhacha agus d'airigh sí crónán an t-srutháin i ngar dí. Rinne sí belach go dtí an sruthán chrom sí síos lé na h-éadan a níghe ní túisce a rinne sí sin fuair sí radharc a súl ar ais. Tá tobar beannuighthe san áit ar nigh sí a h-éadan agus tigeann na sluaighte ann gach bliadhain chun turas a thabhairt. Chuir sí mainistear ar bun ar an bFál-mór agus lean sí uirthi ag comhairluighadh agus ag teagasc na ndaoine. Idir an Eachléim agus Fál-mór tá baile an Tearmuin agus ba leis an mainistir a bhí ag Deirble é. Tá fothracha na mainistreach le feiceál ar an bhFál-mór go fóill agus le h-ais na bhfothrach céadhna tá uaig Deirble.Nuair a bhíodh Deirble ag dul ar aistear fada, théigheadh sí ag marcuigeacht ar an asal agus théigheadh an t-asal síos ar a dhá ghlúin agus d'fág sé rian a ghlún ins an leic. Aon lá amháin thainig si go dtí an Eachléim agus thainig sí go dtí an tobar. Chrom sí sios le deoch a fhághail agus d'fág sí rian a lámh ins an leic(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- An tAthair Ó Maolfabhail
- Inscne
- Fireann