Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 111
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (I)Ar oidhche cionn an dá lá dhéág
Béidh cuimhne cruinn go h-éag,
Is iomdha milte d'éag
I mbaile, muir, is tír,
Oidhche na gaoithe móire
Oidhche stoirme is dóigheadh
Bhí coillte, croinnte stróichte
Agus obair do na saoir
(II)Oidhche uailleach sgréachach
Fuaimneach stoirmeamhail gaothach
Is dona an dall nach léighfeadh
Cumhacht an Árd Ríog thuas
An domhan uilig ag géimneach
'Gus an muir le gealt ag léimneach
Ainmhidhthe dúil is éanlaith
Faoí eagla agus faoí uathbhás.
(III)An talamh ar crith le buaidhreadh
Peacaigh ag sgread is ag uailleadh
Ar feadh na mbeagáin uaire
Do tionsgáil Dia a gnúis
Thug ordughadh uaidh don gaoith-se
Séideadh láidir leithe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Riallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Oiligh, Co. Mhaigh Eo