Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 114
  3. XML “Dán an Toir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. " Ceist agam ort " arsa Caiptín luinge,
    A ghiolla úd ag an t-sliabh atá ghá cheapall ag an Tor. An duine saoghaltach tú na geilt " ? " Ní duine saoghaltach mé na geilt ach anam bocht atá i bpian ". Cá fhad a d'fág tú an saoghal seo na bhfuil tú annsoin ariamh ó soin ? " Fiche bliadhain an Dómhnach seo chuaidh tharainn 'sead sgar an t-anam leis an gcolann cléinn agus bhéinn na mílte bliadhain eile ann ach i beag beannacht na mbochtáin ar an t-saoghal. Táim annso ariamh ó shoin, m'aghaidh ar fhearthainn agus ar gaoith a chuisle agus a stór mo croidhe ós tusa atá ar an t-saoghal go fóill tabhair aire mhaith do'n anam agus ná cabhair a thoil féin do'n cholann. Nuair a bhí mise ar an t-saoghal gránda seo ba mhaith liom mo theach is m'árus. Bhí mé ann go h-aoibhinn aerach. Níor miste liom sochar a tharraint orm féin ach táim in-dochar dá ioc indiu.
    Nuair théighinn go h-aifreann an Dómhnaigh ní ar briathraibh an t-sagairt a bhínn ag cuimhniú ach i gig is a gáiridhe faoí gach óige-fhear agus Corp Chríost ós mo choinne. Nuair thiginn abhaile aris ba mhíle mheasa liom an mhaoin mhór a bhí ar mo dhiaidh sa mbaile,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Mhic Thaidg
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Talach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Éamonn Mac Taidg
    Inscne
    Fireann
    Aois
    84
    Seoladh
    Talach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Mac Guidhir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo