Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 64

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 64

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 64
  3. XML “An Phaidir Gheal Gheal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sínimse síos ins an leabaidh mar sineadh Mac Dé ins an uaig. Brat Mhuire orm mar éadaigh. A mhuirnín, mo mhíle grádh tú! is mo leigheas agus mo dhochtuir tinn agus slán tu! Is tú mo chara dannamna i leabaidh mo bháis! A Rí na righthe a d'fulaing na mílte is na milliún Ioc go sábháilidh tú muidí ar a cuile ólc! Go mbeannuighidh Dia dhuit a Paidir Gheal Gheall go mbeannuighidh Dia is Muire duit! Cé h-iad sin romhat? "Tá na h-aingle. Cé h-iad sin in d' dhiaidh? "Tá na h-Easbuig" "Cé'r chodail tú aréir? I leabaidh Mic Dé "Car gcodlóchaidh tú anocht? I leabaidh na mbocht. "Céard sin leat in d'láimh dheis?" "Trí bhraon go uisce an Dómhnaigh a chuir mar eól liom ag déanamh eólus go Tír Phádraic. Ceithre coirnéal ar mo leabaidh, ceithre aingle ortha sgartha, ma fhághaim-se bás anois ná ar maidin i bhFlaitheas Mic Dé go raibh m'anam . Ámén.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Shéamuis Úi Ruadháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    72
    Seoladh
    An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo