Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dán ar Inis Céidhe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Béarfaidh mé an ruaig go h-Innis Céidhe ar chuairt,

Is fágfaidh mé iad gan gruam na saoí,
Osna bhocht ná cruaidh ná éagcaoin as seo suas,
Ní chluinfidh mé gan buan mo laéthe in aimsir bhaint an lín 'gus na h-eórna glas i gcraobh,
Aithreas ins gach nídh dá ndearna bean ariamh,
Is nach truagh sin is mé go dtí san bhfóghmhar,
Na dheas an fear é ar tuaith
A moladh is thabhairt suas is a Dhómhnaill óg na lucht é d' sgaoileadh
Nach í an fhairrge seo thiar an roilig bhreágh bhréagh gan phian
Peacach innte riamh níor báitheadh
Nach aoibhinn sin is é fíor
An t-anam geal ag Dia is Micheál gan aon phian i bparthas.
Bean Uí Oireachtaigh, Glais, Fod Dubh (Féach 83)

Faisnéiseoir
Bean Uí Oireachtaigh
Inscne
baineann
Aois
80
Seoladh
Leitir Beag, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge