Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 46
- XML “Tais an Droichid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí oifigeach ón Spáin in Éirinn fadó - mac ríogh d'bhí ann. Marbhuigheadh ann é. Bhí go maith. Bhí sé cupla bliadhain curtha, ach bíodh duine le feiceál chuile oidhche ag suibhal suas agus anuas an droicead ar a marbhuigheadh é, agus in éis tamaill tugadh "tais an droicid" air. Chonnaic go leor daoine é go minic ach ní raibh de mhisneach acu labhairt leis. Maith go leor. Bhí beirt fhear - dearbhráthracha a bhí ionnta - in a gcómhnuidhe in aice na h-áite agus budh é an slighe bheatha a bhí acu ag déanú bróg.
Aon oidhche amháin bhí fear acu ag teacht abhaile ón mbaile mór agus bhí sé go h-an-mhall san oidhche ach nuair a bhi sé ag teacht in aice leis an droichead bhí an tais roimhe ann agus chuir sé ceist air agus d'fiafruigh sé de céard a bhí sé sg déanamh annsoin. "Is maith thú", ars an tais, "d'labhair tú liom agus is iomdha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Maolfabhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo