Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 145
  3. XML “Naomh Dairibile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rugadh Naomh Dairibile i nGort a'Culainn i sléibhte Partraidhe san taobh ó dheas de Chonndaé Mhuigheó. Mhair sí ins an séamhadh aois, mar casadh í féin agus Naomh Colm-Cille ar a chéile ag Comhdáil na h-Eaglaise i mBéál-Easa-Dara i gConndaé Shligigh san mbliadhain 590.
    Shiolruigh sí ó Rígh Dáithí an deireadh Árd Rí págánach a bhí san tír. Bhí flaith uasal i ngrádh leithe agus d'imthigh sí ag marcuigheacht ar asal agus níor stop sí go dtainig sí go dtí an Fál-Mór. Nuair a chualaidh an flaith é seo dimthigh sé in a diaidh, thainig sé i luing go dtí an Port-Mór agus chuaidh sé go dtí an áit a raibh an Naomh in a cómhnaidhe. D'innis sé dí chomh mór is a bhí sé i ngrádh léithe. " Céard a fheiceann tú ionnaim, " ar sise, " nuair a thugann tú an oiread sin grádha dom? " " Do dá shúil " arsa an flaith. Ní dhearnaidh sí tada acht an dá shúil a phiocadh amach astí féin agus iad a chaitheadh chuige.
    Dóbhair nar imthigh an croidhe as nuair a chonnaic sé an rud a bhí déánta aici. D'fág sí slán aige annsin agus d'imthigh sé agus ní fhachtas ar an bhFál-mór ó shoin é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    An tAthair Ó Maolfabhail
    Inscne
    Fireann