Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 99
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 99
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá teampall Chuilm Cille suidhte ar chnocán agus tá sé le feiceál go fóill.”
Tá teampall Chuilm Cille suidhte ar chnocán agus tá sé le feiceál go fóill. Tá iomar uisge coisríghthe ann le fágháil go fóill. Tá gáirdín cloch taobh ó thuaidh de'n bhiolla agus i lár an gháirdin tá cloch mhór agus cros uirthi. I lár an gháirdin tá cloch mhór agus cros in a lár agus tá na daoine ag ceapadh gur teampall a bhí ann.Tá cloch mhór eile san áit dar'b ainm Port na Cille tá sí tuairim is cuig troighthe ar fad is sé troighthe ar leithead is níl pictiuir ar bith uirthi acht sgriobhnóireacht agus tá dáta uirthi chomh maith acht no féidir é a dhéanamh amach.
Ar an Oileán ó Dheas tá cloch mhór suidhte ar chnocán i ngar don fhairrge. Níl sé ró-dhoimhin i dtalamh. Tá sí timceall is sé troighthe ar aoirde is dhá troigh go leith ar leithead. Tá cros innte is cearcal thart uirthi.
*************************************************************Tá pictiúirí na gcloch ar fad le feiceál anois ins na leabhra a sgríobh inghean Mhic Enrí ar sean leacracha na h-Eireann.- Faisnéiseoir
- Antaoine Ó Maoineatháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Breathnach
- Inscne
- Fireann