Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 103
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuairthas trí bioráin uilig sa mbiolla gainimhe. Díoladh dhá ceann aca. Dath buidhe a bhí ortha.(Sceitse)Sin pictiúir de cheann díobh, acht gur briseadh an cloigeann mór a bhí air. Ní fhacas na bioráin eile.
Fuarthas Tromán túirne ann chomh maith déanta as chloich. Bhí sé déanta thart cruinn agus bhí áit ann in a mbiodh siad ag cur thart an t-snáithe. Fuarthas ghléas meadhchain cloch a mbiodh na daoine ag meadhchaoin olann léithe agus rud eile cosamhal le bonn. Fuarthas an clog a bhí i dteampall Chuilm Cille acht bhris duine éicint aríst é mar shíl sé nach raibh aon mhaith ann. Fuair fear eile báisín beag lá is é ag cartú cloch is tá sé ar an oileán ó Dheas go fóill. Tá gléas eile le bheadh ag déanú snúdaí. Ceannuigheann siad snáth cnáibe is déanann siad féín na snúdai. Sé an t-aon cheann amháin a bhí ar an oileán ariammh é. Budh ag fear muinntearach de(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antaoine Ó Maoineatháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Breathnach
- Inscne
- Fireann