An oidhche a rinneadh an báthadh i bPort an Cháirn
Bhí an breithe i láthair le na leigean saor.
Bhí Dia dá sábháil is é ag réidhteach áit dóibh
Is ní sgathadh é ná lóisdín oidhche
Acht míle fáilte ins an stáid seo i riocht an Árd Rí aríst a choidhche
(II)
Dá mbeadh láimh agamsa ar pheann nó ar pháipéar
Acht níl mé ar ábalt sgriobh nó leigheadh
Ní bheadh feilm Thrán ag na luibeáin fágta
Nó aoinne a báthad in Innis Céidhe
(III)
Mar siad na protastúin atá ag stiuradh an t-Saor-Stát.
In a suidhe san Dáil ag tabhairt cúl le sgéal
Is an spioraid Ghaédhealach fá rire fágtha
Ar Oileán Báidhte Inse Céidhe
(IV)
Nach mór an gháir é is nach daor an bás é
Ó Rineadh an t-ár seo in Innis Cé
Tá deichneabhair báidhte a bhfearr san áit seo.
(leanann ar an chéad leathanach eile)