Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 19
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus ceathrar mac aige, ach bhí siad an-bhocht agus thosnuigh an saoghal ag dul in a n-aghaidh. Aon lá amháin dubhairt an clann mhac leis an athair go n-imtheóchadh siad ar aimsir mar gur dona an chearc nach saothróchaidh di fhéin. "Maith go leor," ars an t-athair, "ach fanfaidh mise sa teach agus saothróchaidh mé greim dom féin," agus d'imthigh siadsan.D'imthigh siadsan nó go dtainic said go dtí bóthar na gceithre ród agus d'fhág siad slán ag a chéile annsin agus dubhairt siad go gcasadh siad ar a chéile arís taréis ceithre mbliadhain. Thóg an chéad fhear bóthar dó féin agus casadh éanadóir air, agus d'iarr an t-éanadóir air dul leis ar aimsir, "agus nuair a bhéas ceithre bliadna caite agat agamsa béidh tú indon rud ar bith a [?]. Gan a thuilleadh a rádh chuaidh sé leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Maolfhabhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo