Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 94

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 94

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 94
  3. XML “Inis Céidhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar an oileán ó Thuaidh tá teach cloiche déanta in áit darb ainm an Dún agus tá sé annsin le na céádta bliadhain. Tá uaigh mhór ag béal dorais an tighe agus sé an t-ainm atá uirthi ná Uaigh an Mharbhthóir.
    Ba fhear as Dún na nGall a rinne an teach dhó. Ní raibh sé indhon é ioc agus mar sin ba mhaith le fear Dún na nGall a shásamh a bheadh aige ar chaoí éicint. Dimthigh sé abhaile go Dún na nGall agus i lár na h-oidhche thainig sé féin agus a mhuinntir i ngan fhios is rinne siad dúnmharbhú ar fhear Innis Céide is tá an teach sin annsin a riamh ó shin.
    Istigh san tigh tá dhá leabhaidh déanta as chloich, bord, cloiche dhá stól, cloiche cuinneóg cloiche gan aon luithne agus paol cloiche í lár an urláir. Tá siad go léir greamuighthe do'n urlár. Tá áit teineadh ann agus poll i mbárr an tighe leis an deatach a leigint amach. Tá trí cinnn de dhórsai agus dó ná trí fuinneóga air. Bhí trí cinn de sgeanna troda ann gearrtha as chloich acht nuair a bhíodh bruf mór ag dul isteach ann sguab sé leithe iad agus bhí cupáin déanta as ádhmad ann chomh mhaith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Antaoine Ó Maoineatháin
    Inscne
    Ní fios
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Breathnach
    Inscne
    Fireann