Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 145
- XML “Naomh Dairibile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rugadh Naomh Dairibile i nGort a'Culainn i sléibhte Partraidhe san taobh ó dheas de Chonndaé Mhuigheó. Mhair sí ins an séamhadh aois, mar casadh í féin agus Naomh Colm-Cille ar a chéile ag Comhdáil na h-Eaglaise i mBéál-Easa-Dara i gConndaé Shligigh san mbliadhain 590.Shiolruigh sí ó Rígh Dáithí an deireadh Árd Rí págánach a bhí san tír. Bhí flaith uasal i ngrádh leithe agus d'imthigh sí ag marcuigheacht ar asal agus níor stop sí go dtainig sí go dtí an Fál-Mór. Nuair a chualaidh an flaith é seo dimthigh sé in a diaidh, thainig sé i luing go dtí an Port-Mór agus chuaidh sé go dtí an áit a raibh an Naomh in a cómhnaidhe. D'innis sé dí chomh mór is a bhí sé i ngrádh léithe. " Céard a fheiceann tú ionnaim, " ar sise, " nuair a thugann tú an oiread sin grádha dom? " " Do dá shúil " arsa an flaith. Ní dhearnaidh sí tada acht an dá shúil a phiocadh amach astí féin agus iad a chaitheadh chuige. Dóbhair nar imthigh an croidhe as nuair a chonnaic sé an rud a bhí déánta aici. D'fág sí slán aige annsin agus d'imthigh sé agus ní fhachtas ar an bhFál-mór ó shoin é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- An tAthair Ó Maolfabhail
- Inscne
- Fireann