Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 147
- XML “Naomh Dairibile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí úan ag Naomh Deirble agus bhí sé in a pheata aice nuair a fuair an Naomh bás ní raibh fhios ag an úan céárd a dhéanfadh sé. Sléim sé ón móir-tír go dtí oileán beag tamall amach ón mór-thír agus tugadh Léim an Reithe ar an oileán. Tá sean-leachtannna go leór le feiceál san roilig céadna, cuid acu chomh sean is nach féidir an sgribhínn atá ortha a dhéanamh amach. Tá cloch amháin a bhfuil an data 843 gearrtha uirri acht gídh go bhfuil rud éicint eile sgríobhtha uirthi chomh maith leis an dáta ní thig le aoinne é a dhéanamh amach. Áit eile san roilig céádhna tá cloch-thuamba agus rud éicint scríobhtha uirthi i n-ógham.Casadh Naomh Dairibil agus Naomh Colm Cille ar a chéile ag Cómhdail na h-Eaglaise do bhí i mBéal-Easa-Dara i gConndae Shligigh i mbliadain 590. Tá sí curtha sa bhFál Mór. Tá balla cloch éibhir thart ar a h-uaigh. Níor fhás aon ribe féir ar an uaigh ó chuir Déaghann Ó Laighinn ( sagart paróiste do bhí san áit in am Dómhnaill Uí Conaill ) corp a mháthar san uaig ceadna leis an naomh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- An tAthair Ó Maolfabhail
- Inscne
- Fireann