School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)

Location:
Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
Teacher:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 053

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 053

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún-dá-radharc
  2. XML Page 053
  3. XML “Liosanna agus Ráthanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá a lán lios timcheall na h-áite seo. Tá ceithre cinn nú mar sin sa cheanntar seo. Tá crot cruinn ortha agus bannc cré timcheall ortha. Deirtear gur b'iad na Lochlannaigh a thóg iad.
    Tá saghas casáin ag dul fé thalamh ó cheann aca go ceann eile. Tá dorus ag dul isteach ionnta leis ach tá an chuid is mó dhíobh dúnta anois.
    Deirtear go raibh fear na chómhnuidhe i n-Uibh Laoghaire a dhein lios do leagadh amach. Dhein sé gáirdín deas de agus chuir sé crainn agus bláthanna agus crainn torthaí ag fás ann.
    Chuaidh sé ar aonach Maghchromtha tamall na dhiaidh sin. Tháinig sé abhaile le na dhearbhráthair chómh fada geata a thighe féin a bhí i ngiorracht ceathramhadh míle ó'n áit. Chuaidh an dearbhráthair abhaile ach níor chuaidh an fear abhaile i n-aon chor. Maidin lá'r na mháireach chuaidh a clann amach ag fiafruighe feara d'fhághail mar gheall air ach ní raibh tásc ná tuairisc de le feiscint. Chuaidh na gárdaí agus na daoine á chuardach annsan agus i ndeire seachtmhaine nú mar sin fuaireadh marbh é ar bhárr cnuic a bhí trí nú ceithre míle ó'n a thigh féin agus an áit 'na fuarathas é níl fhios conus ar a chuaidh sé ann tar an abhainn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
    Informant
    Diarmuid Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Inse Bhreacáin, Co. Chorcaí