Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá dhá cheardchain i bparóiste Insegeimhleach. Na fir atá ag obair ionnta bhí a n-athracha na ngaibhne rompa. Tá ceann de na ceardchanna i n-Insegeimhleach agus an ceann eile i nDroicheadh-na-Tuinne Is é mo athair an gabha i nDroichead-na-Tuinne.
Tá ceann slinne ar an cheardchain dhá leath-doras air agus builg cloig innte, ná deintear san áit seo.
Is íad na h-úirlisí a bhíonn ag an gabha i mbun a chuid oibre ná:-
Ceapórd, Casúr, Tarraingí, Teannchair, agus Barrachimeáltha. Cuireann an gabha cruidhte fé chapaill agus fé asail ach ní chuireann sé cruidhte fé bhuaibh na fé bhallanaibh. Deineann sé airm oibre mar cheachtaí, bráchaí, pící agus rudaí eile mar sin. Cuireann sé buinn ar robhaibh. Deineann sé geataí. Deirigheann sé speala. Cuireann sé na buinn ar na rothaibh amuigh féin aer?
Tá uisge na ceardchan usáideach cun bróga do dhéanamh bog. Ní cuireann daoine bronntanais cun an gabha tar éinne eile.
Ní raibh cómhacht mór ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droichead na Toinne, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Laoghaire
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 95
- Seoladh
- Droichead na Toinne, Co. Cork