Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)

Suíomh:
Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún-dá-radharc
  2. XML Leathanach 041
  3. XML “Éadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl ach aon Táilliúr sa Pharoiste seo. Is sa bhaile a oibrigheann sé Ní bhíonn aon éadach sa tigh aige acht fé mar a taghadh sé isteach cuige Nuair a cheannuigheann fear adhbhar culaith beireann sé go dtí an táillúir é.
    Níl aon fhigheadóír Gaedhealach i n-aon sa bparóiste seo agus an a shon san is é an t-éadach a geibhtear ná éadach siopa. Is íad seo uirlisí an táilliúra:- Siosúr, miosúr, méarachan snath, snáthad, iarann agus cailch.
    Deintear léinteacha ins na dtighthibh mór-timchealla seo de lín-eadach nú léinteacha olna. Cniotáltar a lán stocaí san áit seo. is sa siopa a geibhtear an snáth mar níl aon bhean túirne san áit.
    Chaitheann an chuid is mó do na mná aosta clóchaí caipín atá deanta de eádhac uasal gach Domhnach. Chaithtear éadaí dubha le buaint taréis báis duine mhuinnteardha.
    Uair amháin do bhí tailliúr i bparóisde Insegeimhleac do thánaig sé go tigh cun cóta mór do dhéanamh do mhac an fheirmeóra. Ní raibh ach Gaedhilg go léir ag muinntir an tighe. Bhí an feirmeoir amuigh sa gháirdín agus ní raibh aon t-snáth ag an táilliúr cun an cóta do fhuaghail agus dubhairt sé Thread! Thread! Thread! Do rith mach an fheirmeóra
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Drom Réidh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    95
    Seoladh
    Droichead na Toinne, Co. Chorcaí