Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá Caisleán Charraig-an-Phúca suidhte ar bhruach an t-Sulláin trí míle laistiar de Mhaghchomtha. B'é na Cárthaig ó Dhriseán i n-aice Sráid an Mhuilinn a thóg é.
Tá sé suidhte ar Charraig árd gharbh. Níl ach aon chasán amháin ag dul suas go dtí an doras agus é sin garbh cumhang sleamhain. Deireann na sean-daoine go raibh an Sullán ag rith ag bun na carraige aon uair ach tá sé ag rith timcheall céad slat ó'n áit anois. Taisbeánann san gur caisleán do-ghabhála é i n-aimsir Chomwell.
Do theip ar Bhróigill Generál i n-arm Chromwell an caisleán do thógaint acht do thug Diarmuid Mach Cárthaigh suas é na dhiaidh sin.
Deireann na sean-daoine go bhfuil próca óir i bhfolach sa bhfalla i gcéad lúib de'n staighre ag dul suas go dtí a bhárr agus madra dubh gá chosaint.
Bhí taidhbhreamh ag fear oidhche agus dubhairt guth leis go raibh an t-ór san áit sin agus ná raibh le déanamh aige acht píopa mairtfheola agus coileach Márta do bhreith leis go dtí an caisleán. Bhí an madra ann roimis agus níor dhein sé ach an fheoil do chaitheamh leis. Bhí an madra ag ithe agus é ag tógaint amach an phróca. Nuair a ghlaoidh an coileach do sciob sé leis an t-ór mar a cheap sé.
Nuair a bhí sé ag dul abhaile bhí guth a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Ríordáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom an Gharraí, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Inse na hAmhraí, Co. Chorcaí