School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)

Location:
Dún Dea-radhairc, Co. Cork
Teacher:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún-dá-radharc
  2. XML Page 015
  3. XML “An Chuigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl aon mheadan againn sa bhaile anois ach bhí ceann ag mo shínsear ar feadh ceathrachad bliadhain Bhí sí trí troighthe ar aoirde agus troigh go leith na bun.
    Do cuirtí an t-uachtar isteach san meidhin agus loinithe isteach ann leis. Bhíodh poll i gclúdach na meidre cun na loinithe do oibruighadh síos agus suas. Cuirtí poll an chlúdaigh tré cois na loinithe agus socruightí an clúdach i dtreó ná scaipfí an t-uachtar.
    B'éigin do dhuine seasamh chun na loinithe do bhualadh síos suas le na dhá láimh i dtreo go mbrisfeadh sí an t-uachtar. Bailightí an t-im lé céile annsan leis an loinithe. Nuair a bhíodh sé baiighthe le céile chuiridís isteach i d-tubán uisce é chun é do nídh agus cun an bláthaigh do thógaint amach as. Dhá uair an t-seachtmhain a dheinidís an t-im sa Samhradh agus uair amháin an t-seachtmhain san Geimhreadh Tógadh sé leath-uair chun an t-im do dhéanamh sa Samhradh agus níos mó na san nuair a bhíonn an aimsear fuar.
    Dá dtagadh stróinséar isteach le linn na cuiginne do dhéanamh bá maith le muinntir an tighe a lámh do chur sa loinithe agus greas a thabhairt ag bualadh agus "Rath Dhé" do rádh ag taisbeánt ná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    An Drom Réidh, Co. Cork
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Laoghaire
    Gender
    Female
    Age
    70
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Seanbhaile Sheáin, Co. Cork