School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)

Location:
Dún Dea-radhairc, Co. Cork
Teacher:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún-dá-radharc
  2. XML Page 001
  3. XML “Naomh Laichtín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is é Naomh Lachtín Naomh dúthchais na paróiste seo.
    Is i gCloich Aonadh baile stáit i lár na paróiste seo a thóg sé a chéad theampall. Níl aon rian na cille ann anois acht nuair a bhíonn an pháirc 'na raibh sé treabhtha.
    Deintear carn mór des na clocha a bhí a dhéanamh. Tá ceithre báirní i gcómhair Uisce Coisrighthe ar claidhe na páirce céadhna. Deirtear gur Lactín féin a dhein iad mar dealbhadóir oilte dob eadh é.
    Bhí cill Naomh Lachtín fé réim go dtí an séamhadh aois déag.
    Is é an ainm a bhí ar an bparóiste seo fadó ná Tuath na nDromann. Tugadh Cill-na-Martar air mar gheall ar na sluaighte mairtíreach a thagadh go Cill Lachtín féachaint an leigheasfaí iad.
    Tá dhá thobar beannuighthe i n-aice le Cill Lachtín. Níl aon t-sruthán ag dul isteach ionta ná ag teacht amach asta acht cómh beag agus bíonn uisce breágh ionta i gcómhnaidhe.
    Bíonn Lá 'le Lachtín ann ar an 19adh lá de Mhí na Márta.
    Thagadh a lán daoine go dtí an sean-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Bhrúin
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Clod, Co. Cork
    Informant
    Tadhg Ó Laoghaire
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Dún Dea-radhairc, Co. Cork