School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún-dá-radharc
- XML Page 023
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- D'itheadh na daoine fadó trí béile an breachfast an dinneár agus an suipeár.
Bhíodh an breicfeast ar a h-ocht a chlog an dinneár ar a h-aon a chlog agus an suipéar ar a seacht a chlog.
Ba ghnáthach le daoine obair a dhéanamh roimh an chéad béile ar maidin. Bhídis ag crúdh na mbó agus ag tabhairt bídh do na capaill. Ní dhéanfadh na mná dearmad ar na cearcha do leigint amach agus íad do glaodhach cun bídh D'ithidís leite déanta de mhin buidhe agus bainne ar maidin agus uaireanta prátaí agus bainne géar.
Bhíodh báiríní móna gorma agus mugaí cré agus adhmaid achú cun d'ol asta. I gcóir an dinnéir bhíodh prátaí agus bainne acha arís agus uaireannta scadáin leasuighthe. Sa Samhradh is minic a bhíodh min-choirce agus bainne géar meascaighthe le céile acha.
Do réir mar a chuaidh na bliadhna thart agus nuair ná raibh na ciósánna ró-árd d'fhéadaidís muc do mharbhú agus dhéinidís bagún dí agus bheirbhighidís giota de sin agus cabáiste agus prátai i gcóir an dinnéir
D'ithidís arán donn agus stampaí Dheinidís Stampaí de phrátai a bhíodh bog ó'n sioc Deintí iad do nighe agus baintí an croicheann díobh agus cuirtí tré gráta stáin íad agus annsan deintí íad do mheasgadh le plúr, salann agus bainne cun císte do dhéanamh. Deintí é do(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Ní Ríordáin
- Gender
- Female
- Address
- Drom an Gharraí, Co. Cork