School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)

Location:
Dún Dea-radhairc, Co. Cork
Teacher:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 022

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 022

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún-dá-radharc
  2. XML Page 022
  3. XML “Arán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sá t-sean-aimsir do dheineadh na daoine cístí de mincoirce nú de phlúr chruitneachtan nú de phrátaí. Do cuiridís an coirce isteach i malaí agus fagtaí n-aice na teine íad i gcionn seachtmhaine nú mar sin sar a meilidís é cun é do dhéanam cruiadh.
    Deintí cístí de phrataí Stampaí an ainm a bhí ar na cístí sin achu. Do bhainidís an croiceann do na prataí ar dtúis agus annsan dheinidís íad do ghrátáil le gráta stáin. Deintí an taos do thirmuighadh le gráinne beag do phlúr. Bíodh teine bhréagh mhóna acu agus lichín beag ghlas ag seasamh ar aghaidh na teine amach. Dheinidís an císte do bháchail i gcoinnibh na lichín sin.
    Deinti cístí eile de mhincoirce agus chuiridís íad le bacháil ar an ngreideall. Bhíodh an chíste á iompódh acu ó thaobh go taobh. Is é an rud an greideall na fráma déanta de iarrann agus ceithre cosa breaga fé agus líní beaga iarainn treasna. Ba é an ghabha a dheineadh an greideall.
    Do chuiridís cros tré an gcíste i dtreó go raghadh teodacht na teine tríd agus cun é do bácháil i gceart.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    An Drom Réidh, Co. Cork
    Informant
    Bean Uí Iarfhlaithe
    Gender
    Female
    Age
    70
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Seanbhaile Sheáin, Co. Cork