School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún-dá-radharc
- XML Page 028
- XML “An Gaorthadh Cois Laoi”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall trí mhíle lais tiar theas do Mhaghchromtha ar thaobh an bhóthair ag gabháil tré dhúthaigh áluinn Ínsegeimhleach, Béal Átha an Ghaorthadh agus Céim an Fhiaidh atá an Gaorthadh.Baile fearann fada fairsing atá ann agus abha na Laoi ag rith tré na lár agus coill cnódhmhar chlúthmhar ar gach taobh de. Is minic a thugadh an choill seo díon agus fothain do na créatúiríbh bochta a bhíodh ar a gcoimeád ó géir-leanamhaint an t-Sasnaigh sa droch-shaoghal.Nuair a scaoileadh Dochtúir Ró Oirmidhneach Tomás Ó h-Iarfhlaithe as priosún Thúir Lonndain trí impidhe Cormaic Mhic Thaidhg Mac Cárthaigh thánaig sé go caisleán Mhaghchromtha. Nuair d'éirigh sé cortha de shaoghal an chaisleáin thóg sé bóthar beag suarach dó féin ar imeall an Ghaorthaidh. D'fhan sé ann san an chuid eile dá shaoghal agus fuair sé bás sa bhliadhain 1580. Tá sé curtha i gCill Chré.Do chómhnuigh Seán Ruadh an Ghaorthaidh sa Ghaorthadh leis nuair a bhí sé ag teicheadh ó shaighdiuiribh agus spiadóirí na mbodraí gallda a bhí i gcómhacht mar Thighearnaí Talmhan(continues on next page)
- Collector
- Maighréad Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- An Drom Réidh, Co. Cork
- Informant
- Bean Uí Iarfhlaithe
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Seanbhaile Sheáin, Co. Cork