School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún-dá-radharc
- XML Page 057
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn Oidhche Shamhna ann roimh Lá Samhna. Bíonn a lán spóirt ag na daoine óga an oidhche sin.
Bíonn báirín breac acha i gcóir an t-suipéir agus bíonn a lán rudaí innte mar fáinne, píosa lasáin, pónaire, ceirt agus pias. An duine a gheibheann an fáinne deirtear gurb é an duine is túisce a phósfaidh. An duine a gheibheann an lasán deirtear go mbuailfeadh sé a chéile. An duine a gheibheann an pónaire deirtear go mbeidh sé an-shaidhbir. An duine, a gheibheann an ceirt deirtear ná pósfaidh sé coidhche agus an duine a gheibheann an pias deirtear go mbeidh sé an-bhocht.
Taréis an t-suipéir cuirtear tobán uisce i lár an urláir agus ubhall isteach ann agus bíonn na daoine óga ag iaraidh cun breith ar an ubhall le na mbéalaibh. Crochtar ubhall anuas ó'n seileáil le córda. Ceangaltar lámha duine laistiar d'á drom agus bhíonn sé ag iarraidh cun breith ar an ubhall le na mbéal.
Annsan cuirtear cná á róstadh ar na gríosacha.
Bíonn "Púicín" á imirt ag na daoine óga an oidhche sin. Ceangaltar(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Buachalla
- Gender
- Male
- Address
- Raleigh South, Co. Cork
- Informant
- Bean Uí Bhuachalla
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Raleigh South, Co. Cork