School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl aon leipreacháin le feiscint timcheall na h-áite seo anois acht bhíodar ann fadó agus is mó duine a chonnaich iad.
Is é an ainm a thugann muinntear na h-áite seo ar an leipreachán ná an cluithreachán. Firín beag bídeach iseadh an leipreachán agus níl sé act troig i n-aoirde de réir an t-Seanchais.
Bíonn sé gleasta i gcoitin cron agus bríste gluine agus caipín dearg ar bhárr a cheann Cómhnuigheann sé i lios agus bhíonn bróga á ndeanamh aige i gcomnaidhe.
Deirtear go bhfuil ór i bhfolach aige i bpróca i n-áit éigin acht is deachair an rud é d'fhághail mar bíonn sé ag tabhairt aire de i gcómhnaidhe. Nuair a théigheann duine comhgarach dó deineann sé amadán de a rádh "Feach ar an madra dubh le do cois" agus nuair a fhéachann an duine mór-thimcheall bíonn an cluitearacán agus an t-ór imtighthe.
Is é seo scéal i dtaobh cluithreachán agus an fear do bhreith air(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Bhrúin
- Gender
- Female
- Address
- Raleigh South, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Raleigh South, Co. Cork