School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)
- Location:
- Dún Dea-radhairc, Co. Cork
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún-dá-radharc
- XML Page 107
- XML “Díol agus Ceannach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh mórán siopaí sa cheanntar so sa t-sean-aimsir agus an chuid is mó aca a bhíann bhíodar ana-bhocht mar do dhein na daoine a gcuid earraí sa bhaile.
Ní raibh mórán airgid ag na daoine. Bhíodh siopa i n-aice an t-séipéil sa t-sean-aimsir agus bhíodh a lán rudaí á ndíol ann mar arán, tae, isúicre, iallacha, toitíní agus lasáin.
Nuair a bhíodh muca á reamhrú aca fadó gheibhidís an mhin ón siopadóir agus nuair a bheadh na muca reamhar agus díolta do'n cheannuightheoir is annsan a gheibheadh an siopadóir a chuid féin.
Bhíodh na h-uibhe go flúirseach aca fadó ach bhíodar an-shaor. Ní raibh ach tistiún an dosaon orrtha nú mar sin. Théigheadh na hucstaerí ó thig go tigh mór-thimceall na dúthaigh ag bailiú na n-ubh agus capall agus cairt aca. Bhí bean mhór láidir sa cheanntar so fadó agus théigheadh sí ó thigh go tigh agus ciseán ar a drom aici ag bailiughadhubh(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chríodáin
- Gender
- Female
- Address
- An Drom Réidh, Co. Cork