School: Dún-dá-radharc (roll number 15009)

Location:
Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
Teacher:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 051

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 051

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún-dá-radharc
  2. XML Page 051
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do luigh an droch-shaoghal go trom ar na daoine sa cheanntar seo: Fuair na daoine bás na gcéadta is na gcéadta. Níor tháinig an dubh ró-olc an chéad bhliadhain. Sé sin míle oct gcéad cuig is ceathracha ach bhí sé níos measa an bhliadhain na diaidh sin. B'éigin dóibh an t-arbhar do chur thar sáile cun an cíos do dhíol. Annsan ní raibh aon adhbhar bídh aca.
    Chuadar annsan ó áit go h-áit ag d'iarraidh déirce act ní raibh déirc ag aoinne le tabairt dóibh mar bhí na daoine go léir chómh bocht leó fein. Cuir na feirmeoírí a gcuid talman i n-airde act ní raibh aon fhonn ag aoinne é a thógaint.
    Ní raibh le déanamh acha annsan acht a h-agaidh do thabhairt go Tigh na m-Bocht agus ní mórán gliondair a bhí ar a gcroidhe ag dul ann. Is mhinic nár shroisead síad an áit agus an cuid a srois fuaireadar bás ann mar bhí an fiabhras go dona ann.
    Bhí na daoine ag obair ó dhubh go dubh ag breith corpanna go dtí Carraig an Staidhre reilg atá míle go leith ar an dtaobh thíar thuaidh de Maghchromtha. Deineadh uaig mhor ann agus cuireadh na corpanna isteach ann cuid aca gan cómra b'fhéidir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    An Drom Réidh, Co. Chorcaí
    Informant
    Bean Uí Iarfhlaithe
    Gender
    Female
    Age
    70
    Address
    Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí